Bhí sé ag obair do fhear poist tamall sular imigh sé go hAlbain. Ní raibh mórán dole le fáil san am, chaith sé 2 bhliain a dhéanamh agus rothar a bhí leis, £1-17s an pá a bhí aige. Bhí sé ag dul ó Faoi Chnoc go mbíodh sé thiar ar an Ghlaisigh, Bun an Inbhir agus Bun an Leaca. Thart ar 3 uaire an chloig sa lá a ghlacadh sé do, ní raibh mórán litreacha ann san am agus bhíodh scilling le díol ag daoine ar theileagraim ó dhaoine thall in Albain.
Ní raibh teilifís nó raidió ar bith ag daoine san am agus bhíodh siad ag siúl le Feidhlimidh teacht le nuacht ar bith. Ní raibh bealtaí iontach maith san am agus bhíodh an aimsir olc go leor amanna. | 00:03:02 | |